18 395 028 livres à l’intérieur 175 langues
2 913 256 livres numériques à l’intérieur 110 langues
63 937 livres audio à l’intérieur 24 langues
Cela ne vous convient pas ? Aucun souci à se faire ! Vous pouvez retourner les articles jusqu'à 30 jours
Impossible de faire fausse route avec un bon d’achat. Le destinataire du cadeau peut choisir ce qu'il veut parmi notre sélection.
Jusqu'à 30 jours pour les retours
Trí ghearrscéal agus úrscéal amháin le scríbhneoir Fionlannach a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge ó scéalaithe agus ó scríbhneoirí móra na Gaeltachta sular tháinig sé go hÉirinn den chéad uair. Seo iad na scéalta Gaeilge a chum sé ina fhear óg dó, agus iad ar fáil faoi chlúdach leabhair anois. Scéalta iad faoi dhaoine uaigneacha a chaitheann slabhraí an uaignis díobh agus iad ag tóraíocht an ghrá. -- "Ainmhian na Máistreása Óige": Cailín cráifeach í Pia nár thuig bealaí an ghrá riamh. Ach anois, chuaigh an grá féin i luíochán roimpi. -- "Craiceann": Tháinig mac léinn óg ar cuairt chuig a thuismitheoirí le súil a chaitheamh ar na seanbhólaí. Céard a chasfar air cois an locha i gcroí na coille, meas tú? Céard eile ach an grá féin! -- "Béarlóir Deireanach an Domhain": Chuaigh an Ghaeilge ar fud an domhain. Níl ach Gaeilge Uladh ag na Meiriceánaigh, agus fágadh an Béarla in áit na leathphingine i Sasana féin. Cén cineál saoil atá ag an mBéarlóir deireanach ar an saol seo? -- "Tachtaimis an Grá Sin": Fear óg cúthail é Somhairle nach bhfuil de chairde aige ach ógánach uaigneach eile agus nach bhfuil de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag amharc ar na físghránnáin. Ach lá amháin, castar cailín air nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin i Narkkaus, baile beag in Oirthear na Fionlainne.
Bonjour ! Je suis Libroamiko, votre conseiller littéraire.
Comment puis-je vous aider ?